Skip to content
menu
search
Search
Students
Courses
Research
Faculties & Schools
Alumni
A-Z
Gaeilge
Search text
Search
News & Events
menu
Menu
Home
Top Stories
News
Events
Opinion
Contact
Gaeilge
Articles
2012
Ollúnacht nua fógartha ag Coláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath − Ollúnacht Seamus Heaney i Scríbhneoireacht na hÉireann
Ollúnacht nua fógartha ag Coláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath − Ollúnacht Seamus Heaney i Scríbhneoireacht na hÉireann
Posted on: 17 December 2012
Inniu d’fhógair Propast Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, an Dr Patrick Prendergast, Ollúnacht Seamus Heaney i Scríbhneoireacht na hÉireann, atá ainmnithe in ómós duine de mhór-fhilí na hÉireann a bhuaigh duais Nobel.
“Ócáid mhór don scríbhneoireacht in Éirinn agus thar lear is ea an ócáid seo. Tá Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath ag cur le scoth-thraidisiún litríochta an Choláiste leis an ollúnacht nua seo,” a deir an Propast ag an ócáid fógartha.
Bhí ríméad ar an bhfile, a bhfuil ceangal aige le fada le Coláiste na Tríonóide agus atá ina Chomhalta Oinigh ó 1998, faoin ollúnacht nua agus a bheidh gan amhras anois ar cheann de na ceapacháin is mó cáil i saol acadúil na hÉireann.
An file Seamus Heaney agus an Propast, Dr Patrick Prendergast agus Ollúnacht Seamus Heaney i Scríbhneoireacht na hÉireann á fhógairt
“Is mór an onóir é gur cheap Coláiste na Tríonóide m’ainmse a chur leis an Ollúnacht nua i Scríbhneoireacht na hÉireann. Is mó ná sin arís é ó tharla an meas mór atá agam ar an obair a dhéantar i Scoil an Bhéarla i gColáiste na Tríonóide agus an cairdeas atá agam thar na blianta le scríbhneoirí agus scoláirí a chuir go mór le léann scríbhneoireacht na hÉireann agus lena cleachtadh. Táim fíorbhuíoch do na bronntóirí ar léir suim ar leith a bheith acu i bhfilíocht” a deir Seamus Heaney.
Roinnt de mhór-dheontóirí Choláiste na Tríonóide a cheap an post nua lena n-áirítear an Dr Mark Pigott, KBE, agus an Dr Martin Naughton, Cathaoirleach Glen Dimplex. “Táimid buíoch don tacaíocht a thugann siad agus an fhís straitéiseach a bhí acu a thug orthu an ceapachán seo a fhorbairt,” a deir an Dr Prendergast . “Tá Coláiste na Tríonóide faoi chomaoin ag a lucht maoinithe ar fad a bhíonn fíor ghnaíúil agus atá ag tacú le cáil Choláiste na Tríonóide ar cheann d’institiúidí oideachais ceannródaíocha ar fud an domhain a chur chun cinn.”
Chuir Ceann Scoil an Bhéarla i gColáiste na Tríonóide, an tOllamh Cúnta Eve Patten, fáilte roimh an Ollúnacht nua agus deir: “Bhí ról ceannródaíoch riamh ag an Scoil le léann liteartha na hÉireann a fhorbairt agus daingneoidh Ollúnacht Seamus Heaney i Scríbhneoireacht na hÉireann a cáil sa réimse sin. Beidh buntáiste mór leis an bpost i dtaobh mhúineadh agus taighde ag leibhéal fochéime agus iarchéime agus is mór an spreagadh é do Dhámh na nEalaíon, na nDaonnachtaí agus na nEolaíochtaí Sóisialta tríd is tríd.”
Is i Scoil an Bhéarla, atá ar cheann de na scoileanna Béarla is sine ar an domhan, a bunaíodh an chéad Ollúnacht i Litríocht an Bhéarla in 1867. D’fhreastail go leor de mhórscríbhneoirí na hÉireann leis na céadta bliain ar Choláiste na Tríonóide – ina measc Jonathan Swift, Oliver Goldsmith, Edmund Burke, Bram Stoker, J.M. Synge, Samuel Beckett, Oscar Wilde, William Trevor, Sebastian Barry, Deirdre Madden agus Anne Enright.
2023
September
June
January
December
2022
September
October
November
May
March
June
July
January
February
December
August
April
2021
September
October
November
May
March
June
July
January
February
December
August
April
2020
September
October
November
May
March
June
July
January
February
December
August
April
2019
September
October
November
May
March
June
July
January
February
December
August
April
2018
September
October
November
May
March
June
July
January
February
December
August
April
2017
September
October
November
May
March
June
July
January
February
December
August
April
2016
September
October
November
May
March
June
July
January
February
December
August
April
2015
September
October
November
May
March
June
July
January
February
December
August
April
2014
September
October
November
May
March
June
July
January
February
December
August
April
2013
September
October
November
May
March
June
July
January
February
December
August
April
2012
September
October
November
May
March
June
July
January
February
December
August
April
2011
September
October
November
May
March
June
July
January
February
December
August
April
2010
September
October
November
May
March
June
July
January
February
December
August
April
2009
September
October
November
May
March
June
July
January
February
December
August
April
2008
September
October
November
May
March
June
July
January
February
December
August
April
2007
September
October
November
May
March
June
July
January
February
December
August
April
2006
September
October
November
May
March
June
July
January
February
December
August
April
2005
September
October
November
May
March
June
July
January
February
December
August
April
2004
September
October
November
March
July
December
August
2003
November
April
2002
May
March
June
July
January
February
August
April
2001
September
October
November
May
June
December
2000
September
July
1999
March
July
1998
September
May
March
June
February
December
April
Filter for keywords
Filter for keyword
Search