Ar an 28 Samhain 2022, beidh plé comhchéime ar siúl i Mol an tSeomra Fhada, Coláiste na Tríonóide chun seoladh il-imleabhair nua 'The Letters, Writings, and Speeches of Oliver Cromwell' a aithint.
28 Nov 2022
Baileoidh saineolaithe liteartha agus filí mór le rá na hÉireann le chéile i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo le haghaidh imeachta a dhéanfaidh ceiliúradh ar bhreithlá 80 bliain an fhile iomráitigh Eiléan Ní Chuilleanáin.
18 Nov 2022
Tá zó-eolaithe ó Choláiste na Tríonóide, i gcomhar le taighdeoirí Indinéiseacha, tar éis teacht ar scata speiceas nua sa chlann Nectariniidae - éin trópaiceacha ildaite ar a dtugtar “éin gréine”. D’fhionn na zó-eolaithe go bhfuil speiceas nach raibh aithne air roimhe seo, “Éin Gréine na Wakatobi” (Cinnyris infrenatus), ag maireachtáil ar oileáin beaga bídeacha i lár na hIndinéise darbh ainm Oileáin Wakatobi.
25 Oct 2022
Idir aimsir an Bhíobla agus shaol an lae inniu i ngluaiseacht náisiúnach na gCríostaithe sna SA, idir mhisteachas Súfaíoch agus Apacailipsis Eoin i gcluichí ríomhaire na Seapáine - tiocfaidh saineolaithe idirnáisiúnta le chéile i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath níos déanaí an mhí seo chun a gcuid taighde a roinnt ar an iliomad bealaí casta a mbíonn deamhain fós ag maireachtáil agus ag imirt tionchar orainn i saol na linne seo.
Is éard a dúirt an Propast Linda Doyle: “Táimid mórtasach as an obair den scoth a dhéanann ár mbaill foirne agus ár mic léinn, agus tá cruthaithe go láidir againn i gcatagóirí amhail luanna, agus is léargas é sin ar an aitheantas maith atá faighte ag taighde Choláiste na Tríonóide."
12 Oct 2022
Le hamharc-shuiteálacha solais thionscadal Línte na Farraige, tugtar le fios an t-ardú atá tuartha ar leibhéil na farraige de thoradh borrthaí stoirme amach anseo. Lasfar na suiteálacha den chéad uair ag an bPóirse Caoch i nGaillimh agus lonnófar iad in áiteanna eile cois cósta sna míonna atá amach romhainn.
29 Sep 2022
Seolfaidh an Taoiseach Micheál Martin agus an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D. Maoinchiste Annála Samhalta na hÉireann inniu (an 27 Meitheamh).
27 Jun 2022
“Dá ngabhfadh bean tríd an ngeata aon uair amháin, bheadh sé nach mór dodhéanta súil a choinneáil ar na foirgnimh nó ar na seomraí a ngabhadh sí isteach iontu nó ar an bhfad ama a bhfanfadh sí ann.” Sa bhliain 1895, shainaithin comhaltaí Bhord Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath é seo ar cheann de […]
27 Apr 2022
Déanfar ceiliúradh ar ár dteanga agus ár gcultúr Gaelach trí réimse leathan imeachtaí a bheidh ar siúl idir 1-17 Márta 2022. Beidh fáilte roimh chách freastal ar na hócáidí seo.
2 Mar 2022
3T den taispeántas ceannródaíoch ealaíne a cuireadh ar siúl i bPáras sa bhliain 1922, Exposition D’Art Irlandais, a d’fhógair Saorstát Éireann os comhair an domhain.
7 Feb 2022
Posted on: 27 June 2022
Den chéad uair le 100 bliain anuas, beidh an pobal in ann dul siar san am chun athchruthú fíorúil d’Oifig Thaifid Phoiblí na hÉireann agus a cuid bailiúcháin a iniúchadh, mar a bhí siad an oíche sular scriosadh iad sna Ceithre Cúirteanna i mBaile Átha Cliath ag tús an Chogaidh Chathartha.
Nuair a scriosadh Oifig Thaifid Phoiblí na hÉireann sa tine in 1922, cailleadh na céadta míle doiciméad luachmhar staire a bhain le gach gné de shaol na hÉireann — go deo, de réir dealraimh. Is taisce ollmhór é Maoinchiste Annála Samhalta na hÉireann de dhoiciméid ionaid a aimsíodh le déanaí i gcartlanna comhpháirtíochta ar fud an domhain. Ar fáil saor in aisce agus go buan ar líne, beidh gach duine a bhfuil spéis aige/aici i scéal na hÉireann in ann seacht gcéad bliain de stair na hÉireann a iniúchadh trí na mílte doiciméad inchuardaithe. (https://virtualtreasury.ie/)
Is toradh é Maoinchiste Annála Samhalta na hÉireann ar chlár taighde cúig bliana dar teideal ‘Thar 2022 Amach’, atá maoinithe ag an Stát. Faoi stiúir Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, tá Thar 2022 Amach tar éis imscrúdú stairiúil, caomhnú cartlainne, agus nuálaíocht theicniúil a thabhairt le chéile chun an chartlann a cailleadh ar an 30 Meitheamh 1922 a athshamhlú agus a athchruthú, trí theicneolaíochtaí digiteacha.
D’fhorbair staraithe i gColáiste na Tríonóide agus eolaithe ríomhaireachta in Ionad ADAPT SFI an clár taighde ceannródaíoch, i gcomhpháirtíocht le cúig phríomhpháirtí: Cartlann Náisiúnta na hÉireann, An Chartlann Náisiúnta (RA), Oifig Thaifid Phoiblí Thuaisceart Éireann, Coimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann agus Leabharlann Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Oidhreacht fhiúntach is ea Maoinchiste Annála Samhalta na hÉireann do chlár an Stáit do Dheich mBliana na gCuimhneachán (2012-2023). Tá sé seo á chómhaoiniú ag Tionscadal Éire 2040 agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.
Sracfhéachaint ar Mhaoinchiste Annála Samhalta na hÉireann:
Ag labhairt roimh an seoladh, dúirt an Taoiseach Micheál Martin:
“Is oidhreacht bhuan agus fhiúntach é Maoinchiste Annála Samhalta na hÉireann do Dheich mBliana na gCuimhneachán. Is le muintir na hÉireann é, ag déanamh rochtain ar ár n-oidhreacht shaibhir chartlainne daonlathach agus ag déanamh ár stair chomhroinnte inrochtana do chách. Is acmhainn luachmhar stairiúil í do dhaoine de gach traidisiún ar fud an oileáin agus do gach duine ar fud an domhain a bhfuil sinsearacht Éireannach acu. Is éacht mhór í agus is teist í ar thiomantas agus ar dhúthracht fhoireann thionscadal Thar 2022 Amach.”
Dúirt an Tánaiste Leo Varadkar:
“Is tionscadal fíorspreagúil é seo a osclaíonn doirse nua do stair na hÉireann. Tugann sé saibhreas eolais ó áiteanna ar fud an domhain le chéile chun an méid a tharla in Éirinn a léiriú, agus cuidíonn sé leis na bearnaí a líonadh a d’eascair as an tine cháiliúil sin in 1922 in Oifig na dTaifead Poiblí. Tréaslaím leis an bhfoireann as beocht a chur sa tionscadal iontach seo.”
Dúirt an tAire Catherine Martin:
“Tá an teicneolaíocht nuálach atá taobh thiar de thionscadal Thar 2022 Amach iontach spreagúil agus is léiriú í ar cheannaireacht agus tallann na hÉireann i dtaighde agus nuálaíocht cheannródaíoch. Chuir Deich mBliana na gCuimhneachán acmhainní iontacha ar fáil dúinn, cosúil le Maoinchiste Annála Samhalta na hÉireann, chun cabhrú linn dul siar san am agus foghlaim faoinár stair, bunaithe ar an bhfianaise fhíorasach ar na himeachtaí a tharla. Nochtar gnéithe nár scrúdaíodh riamh dúinn, gnéithe a bhí dothuigthe nó dorochtana dúinn roimhe seo, ag ligean dúinn léargas agus dearcthaí nua a fháil. Is oidhreacht spreagúil agus marthanach í do Dheich mBliana na gCuimhneachán, a bhfuil an-áthas ar mo Roinn tacú leis faoi Thionscadal Éire 2040. Tá comhpháirtíocht agus flaithiúlacht na gcomhpháirtithe cartlainne agus an comhoibriú uile-oileáin agus idirnáisiúnta a eascraíonn as sin thar barr agus táimid iontach buíoch as.”
Dúirt Stiúrthóir Chlár ‘Thar 2022 Amach’ an Dr Peter Crooks, Ollamh Comhlach le Stair na Meánaoise, Coláiste na Tríonóide:
“Bhí an Taisce Taifead in Oifig Thaifid Phoiblí na hÉireann ar cheann de chartlanna móra na hEorpa. Chuir cailleadh cultúrtha tubaisteach na cartlainne in 1922 isteach ar ár dtuiscint ar stair na hÉireann. A bhuí le coimeád taifead mionchúiseach na nglúnta cartlannaithe, staraithe, cóipeálaithe, ginealeolaithe agus cléireach, caomhnaíodh na mílte cóipeanna agus tras-scríbhinní de thaifid na hÉireann a scaipeadh ar fud an domhain. Diaidh ar ndiaidh, tá beocht á chur ag staraithe, cartlannaithe agus eolaithe ríomhaireachta arís i dtaisce náisiúnta na hÉireann a scriosadh.” “Tógann Maoinchiste Annála Samhalta na hÉireann neart ó chomhpháirtíochtaí a nascann na comhpháirtithe anois le breis is 70 institiúid ar fud an domhain, lena n-áirítear Leabharlann na Comhdhála, SAM; Leabharlann Huntington California; Cartlann Pharlaiminteach Thithe na Parlaiminte sa RA agus Leabharlann Náisiúnta na hAstráile. Níos gaire don bhaile, ghlac cartlanna contae, leabharlanna ollscoile agus bailiúcháin phríobháideacha ar fud na hÉireann páirt san obair. De réir mar a thagann níos mó comhpháirtithe isteach agus de réir mar a chuirtear taifid stairiúla leis, leanfaidh an Maoinchiste ag fás.”
“Bhí an Taisce Taifead in Oifig Thaifid Phoiblí na hÉireann ar cheann de chartlanna móra na hEorpa. Chuir cailleadh cultúrtha tubaisteach na cartlainne in 1922 isteach ar ár dtuiscint ar stair na hÉireann. A bhuí le coimeád taifead mionchúiseach na nglúnta cartlannaithe, staraithe, cóipeálaithe, ginealeolaithe agus cléireach, caomhnaíodh na mílte cóipeanna agus tras-scríbhinní de thaifid na hÉireann a scaipeadh ar fud an domhain. Diaidh ar ndiaidh, tá beocht á chur ag staraithe, cartlannaithe agus eolaithe ríomhaireachta arís i dtaisce náisiúnta na hÉireann a scriosadh.”
“Tógann Maoinchiste Annála Samhalta na hÉireann neart ó chomhpháirtíochtaí a nascann na comhpháirtithe anois le breis is 70 institiúid ar fud an domhain, lena n-áirítear Leabharlann na Comhdhála, SAM; Leabharlann Huntington California; Cartlann Pharlaiminteach Thithe na Parlaiminte sa RA agus Leabharlann Náisiúnta na hAstráile. Níos gaire don bhaile, ghlac cartlanna contae, leabharlanna ollscoile agus bailiúcháin phríobháideacha ar fud na hÉireann páirt san obair. De réir mar a thagann níos mó comhpháirtithe isteach agus de réir mar a chuirtear taifid stairiúla leis, leanfaidh an Maoinchiste ag fás.”
Dúirt Propast Choláiste na Tríonoide, Dr Linda Doyle:
“Rinneadh taighde stairiúil a chomhcheangal le nuálaíocht teicneolaíochta chun an Maoinchiste seo a chruthú. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis an bhfoireann in Ionad ADAPT i gColáiste na Tríonóide a d’oibrigh go cruthaitheach le staraithe agus cartlannaithe chun an taisce fíorúil seo a dhéanamh inrochtana don phobal. Is iontach an rud é go bhfuil an tsochaí in ann úsáid a bhaint as an teicneolaíocht ar an mbealach seo agus, tar éis dom an tionscadal seo a fheiceáil ag teacht chun cinn le ceithre bliana anuas, cuireann sé an-bhród orm an méid a léirítear inniu a fheiceáil.”
Dúirt an Dr Maurice Manning, Cathaoirleach Ghrúpa Sainchomhairleach na gCuimhneacháin Chéad Bliain:
“Siar sa bhliain 2018, bhí lúcháir ar an nGrúpa Sainchomhairleach tacú leis an gcoincheap taighde tosaigh atá mar bhonn agus thaca ag an Maoinchiste. Is fíor a rá gur sháraigh an méid a baineadh amach ó shin i leith an méid a rabhamar ag súil leis. Cruthaíonn Thar 2022 Amach deis iontach d’idir óg agus aosta chun an stair a iniúchadh agus foghlaim fúithi ar bhealach nach bhfacthas riamh cheana, bunaithe ar anailís fhíorasach agus ar fhionnachtain chartlainne. Is oidhreacht iontach agus bhuan é do Dheich mBliana na gCuimhneachán.
Fiona Tyrrell | Media Relations | [email protected] | +353 1 896 3551